An Duais | The Award
Privacy settings

An Duais | The Award

Roghnófar cúigear buaiteoirí agus cuirfear na dearaí os comhair an phobail le linn Ghaillimh 2020, nuair a bheidh cathair agus contae na Gaillimhe mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa.

Bronnfar seo thíos ar na buaiteoirí:

  • Coimisiún ar luach €1500 chun an dearadh a dhéanamh
  • Taispeántais den dearadh mar chuid de chlár bliana Ghaillimh 2020
  • Feachtas poiblíochta náisiúnta agus idirnáisiúnta
  • Taispeántas ar-líne, coimeádaithe ag giúiré idirnáisiúnta, mar chuid de chlár Ghaillimh 2020

Gearrliosta

Roghnófar deichniúir ar an ngearrliosta agus bronnfar seo thíos orthu:

  • Taispeántas ar-líne, coimeádaithe ag giúiré idirnáisiúnta, mar chuid de chlár Ghaillimh 2020.
  • Feachtas poiblíochta náisiúnta agus idirnáisiúnta

Moltaí | Special Mentions

Bronnfar na moltaí a leanas, más cuí

  • Idirghníomhaíocht shamhlaíoch leis an aimsir
  • Dearadh a bhaineann úsáid as, nó a tharraingíonn aird ar an Ghaeilge
  • Dearadh nó teicneolaíocht nuálach
  • Dearadh inbhuanaithe
  • Dearadh spraíúil
  • Fíor-áilleacht