Turas Chonamara
Privacy settings

TURAS CHONAMARA

Copyright Paul Kinsella
© Paul Kinsella
Mapa digiteach agus closamhairc
Ealaíontóir:
Ríonach Ní Néill, Macalla Digital Heritage Services agus pobail Gaeltacht Chonamara
(Gaillimh)
Arna choimeádú ag Ríonach Ní Néill
Le comhmhaoiniú ó FLAG (Fisheries Local Area Group), buíochas ó chroí le pobal na Ceathrún Rua
Oiriúnach do:
Ghach aois
Dáta:
16.02.2020 10:30 am
Áit:
Scoil Náisiúnta Mhic Dara, an Cheathrú Rua

Cur Síos

Bí linn ar an gCeathrú Rua tráth a seolfar an mapa digiteach closamhairc TURAS CHONAMARA. Is sna pobail éagsúla ó Chois Fharraige go Carna i nGaeltacht Chonamara a fritheadh ábhar an mhapa seo tríd an togra pobail agus oidhreachta AN ÁIT AB ÁIL LIOM. Faightear léargas sa mapa ar shaibhreas cultúir, liteartha, teanga agus béaloidis an cheantair agus an ceangal láidir atá idir na daoine agus an talamh.

Íoslódáil an mapa mar aip agus bain taitneamh as an teanga agus an tírdhreach de réir mar a oireann sé dhuit fhéin. Tabhair cluas don cheol agus do na hamhráin. Éist leis na scéalta á n-insint ag muintir na háite lena mbaineann siad. Nuair a bheidh mapa na Ceathrún Rua seolta, beidh an chuid eile den mhapa le fáil ina chodanna le linn 2020.

Áirithint

Níl gá cur in áirithint