Weather Modulator
Privacy settings

WEATHER MODULATOR



Is stáisiún athrú aimsire é an dealbh seo. atá tógtha ar dhá chrannóg. Úsáideann gineadóir báistí cumhacht na gréine chun cith báistí beag a dhéanamh nuair a bhraitheann sé nach bhfuil a dhóthain báisteach san aeir. Déanann córagrafaíocht an ghineadóra tagairt ar dheasgnátha , an ‘Danza de los Voladores’. Sa chrannóg taobh leis tá trealamh ann a dhéanann taifid ar an aimsir agus ar an fhuinnimh a ghintear, a mbeidh an ealaíontóir Paddy ábalta súil a choinneáil air óna stiúideo i mBéal Feirste. Is féidir leat na sonraí fuinnimh a fheiceáil anseo..

 

Is ealaíontóir é Paddy Bloomer atá lonnaithe i mBéal Feirste agus a bhfuil cúlra san innealtóireacht aige. Tá suim aige i bhfoinsí neamhghnách fuinnimh, i ndiúscairt dramhaíola, reachtaíocht sláinte agus sábháilteachta, agus a bheith ag smaoineamh as an nua ó thaobh infreastruchtúr poiblí. Tá tograí déanta aige i gcórais séarachais, i simléirí, i bpasáistí, bealaí uisce, agus ar lampaí sráide. Tá sé ag crothú dealbha cinéiteach le 25 bliain anuas. Is é seo an chéad phíosa ealaíne poiblí dó i gcathair na Gaillimhe.

www.paddybloomer.com

 
Ealaíontóir | Artist

Paddy Bloomer


Criú | Crew

Steven Cunliffe, John Davidson, Paddy Gallagher, Russell Purvis


Áit | Location

Gaol River, Gaol Road, Galway


Dáta | Date

11.12.20 – 31.03.21


Arna choimeádú ag | Curated by

Ríonach Ní Néill


Buíochas le | Thanks to

Galway City Council; Inland Fisheries Ireland

 

Nóta an choimeadaí:

“Seo ealaín a ghineann cumhacht. Táimid ag tarraingt áird leis ar na deiseanna agus féidireachtaí a bhaineann le cumhacht atá dícharbónaithe agus glan. Ba mhaith linn an lucht féachana a spreagadh chun smaoineamh ar an gcaoi gur féidir le cumhacht díláraithe agus inathnuaite feabhas a chur ar ár dtimpeallacht. D’fhéadfadh cónaí a bheith orainn i mbailte agus cathrachta atá níos sláintiúla agus níos glaine dá bharr.”