This website uses cookies to manage authentication, navigation, and other functions. By using our website, you agree that we can place these types of cookies on your device.
Nach mór an spórt é cath uisce? Cé acu is fearr leat – a bheith ag fliuchadh nó ag fáil fluich? Cé acu is sásúla…duine a bhá go craiceann le tuile mhór ó bhuicéad, nó sprioc a bhualadh go cruinn le steall uisce?
Tá treoir ar líne ag an t-ealaíontóir Pete Casby a mhúineann duit conas gunnaí uisce a chrothú as sean-ábhar a bheadh sa mbaile agat. Is féidir leat na treoracha a leanúínt mar atá nó iad a úsáid mar inspioráid chun d’uirlis fhéin a chumadh. Séard atá i gceist ná ábhair fuílleach atá ar láimh a úsáid. B’fhéidir go bhfuil seanphíopaí fághta thart, nó caidéal rothair nach bhfuil in úsáid, nó buicéad fiú. Tá sé tábhachtach freisin nach gcuirfí uisce amú, agus is fearr uisce báistí a bhailiú agus a úsáid in ionad uisce ón sconna. Roinn físeán linn de do uirlis uisce agus tú a úsáid. Cuir #LeDéluge, #Hopeitrains2020, #Galway 2020 leis.
Ealaíontóir | Artist
Pete Casby
Treorachas | Guides
www.youtube.com/CiotogTV
Arna choimeádú ag | Curated by
Ríonach Ní Néill
DIY Super Soaker
Bain úsáid as teannaire rothar agus conamar chun gléas troda uisce a chrothú
Make a super soaker using a bicycle pump and scrap
DIY Super Soaker garden hose alternative
Bain úsáid as píobán uisce chun gléas troda uisce a chrothú
Make a super soaker using a piece of garden hose instead of a bicycle pump
DIY Water Hand Launcher
Déan gléas troda uisce as buidéal bainne
Adapt a plastic milk container to make a simple but effective water launcher
DIY Puddlesucker
Déan gléas as píobáin PVC chun uisce a tharraingt as locháin agus a chaitheamh
Make a puddlesucker using two PVC pipes. Suck water up from a puddle to squirt at a target.
This website uses cookies to manage authentication, navigation, and other functions. By using our website, you agree that we can place these types of cookies on your device.