Borrow – Stay Dry – Return
Privacy settings
http://www.hopeitrains.ie/images/weatherproofme/sewlastseason/sls4.jpg

BORROW – STAY DRY – RETURN



Ar scáth (báistí) a chéile a mhaireann na daoine! Buail isteach i leabharlann Chathair na Gaillimhe, faigh scáth báistí maisithe le Sew Last Season ar iasacht, fan tirim agus galánta, sin tabhair ar ais é don chéad duine eile le húsáid.

Seo scéim leis an grúpa fuála sóisialta Sew Last Season chun cineáltas agus comhroinnt a chur chun cinn i nGaillimh. Is leis an saothar seo ar bhuaigh siad Comórtas Dearadh Weatherproof Me!, a thug dúshlán d’ealaíontóirí agus dearthóirí dearaí inchaite a chruthú a chothaíonn athrú meoin maidir lenár n-iompar sa bháisteach, nó sa ghaoth, nó sa dorchadas.

Mhaisigh fúálaithe Sew Last Season os cionn 40 scáthanna báistí le láimh, ag baint úsáide as éadaí a bronnadh ar shiopaí Naomh Uinseann de Pól agus a bhí fós gan díol. Tá gach scáth báistí go hiomlán uathúil, agus taispeánann siad scileanna agus stíleanna na rannpháirthithe, ar nós cróise, appliqué, obair lása, bróidnéireacht, feilt agus go leor eile.

Rinne Cumann na bFhear ó na Sandy Road Mens’ Sheds potaí speisialta a chóiriú chun na scáthanna báistí a stóráil sna leabharlanna.

 

Is grúpa sóisialta fuála é Sew Last Season a chuireann inbhuanaitheacht, cruthaitheacht agus ionchuimsiú sóisialta chun cinn.Tá an grúpa lonnaithe i gcathair na Gaillimhe, agus faigheann siad tacaíocht ó Saint Vincent de Paul agus Comhpháirtíocht Chathair na Gaillimhe. Déanann an grúpa seanéadaí agus éadach a athdhearadh ina shaothair nua iontacha. Tá fáilte roimh chách a bheith páirteach ann.

Ealaíontóir | Artist

Sew Last Season

Bernadette Bruton; Sarah Conneely; Gloria Edorh; Catherine Hession; Deirdre Kennedy; Aisling O’Rourke; Bernadette Porter; Maria Porter; Agnes Rosberga; Phil Stankard.

Drop-Pot: Cumann na bhFear, Sandy Road

 

Áit | Location

Galway City Library, Westside Library, Ballybane Library

 

Dáta | Date

2.3.20 – 30.6.20

 

Do chách | for all

 

Arna choimeádú ag | Curated by

Ríonach Ní Néill, Jeni Roddy

 

Buíochas le | Thanks to

Galway City Libraries