Taighdeoirí Weatherplay
Privacy settings

Taighdeorí Weatherplay

© Paul Kinsella
Eachtra thar dhá lá
Ealaíontóir:
Michelle Browne, Rhona Byrne
Arna choimeádú ag Ríonach Ní Néill
Oiriúnach do:
Aoisghrúpa 10-12
Dáta:
20.08.2020 10:00 am - 1:00 pm
Áit:
Uachtar Árd

Cur Síos

An gcuireann lá báistí stop le do chuid spraoi? An mbíonn tú fágtha gan tada le deánamh nuair a osclaíonn an spéir? An bhfuil tú 10-12 blian d’aois? Más fíor sin, ba mhaith leis na healaíóntóirí Michelle Browne agus Rhona Byrne cuireadh a thabhairt duit a bheith i do thaighdeoir WeatherPlay. Thar 2 lá beidh muid ag cumadh agus ag baint trial as bealaigh nua a bheith ag spraoi sa doineann. Beidh muid ag cur an bháisteach agus an ghaoth chun ár leasa chun súp a bhaint as an droch-aimsir.

Tá muid ag lorg 8 bpáiste a bhfuil fiosrach, cruthaíoch, agus spraíúil chun tacú linn. Beidh muid taobh amuigh, cuma soineann nó doineann. Beir leat greim le nithe agus deoch folláin, do chuid éadaí agus buataisí báistí, agus bí réidh chun spraoi agus smaointeoireacht.

Áirithint