CHANGES, CHANGE
Is múr-phictiúr teibí é Changes, change. Braitheann an leagan den phictiúir a bhéas le feiceáil ar chomh trom is atá an bháisteach agus ar an treo ina thiteann sí. Athraíonn cruth, méid, pátrúin agus dathanna an mhúr-phictiúir de réir mar a thiteann an bháisteach.
Thosaigh an t-ealaíontóir Shane O’Malley amach ag péinteáil mar bhall de chultúr beoga graifítí na hÉireann. Cruthaíonn sé múrphictiúirí móra sráide. Tá a stíl féin forbartha aige, a bhaineann úsáid as pailéad dathanna láidre agus patrúin gheoiméadracha simplí.
Tá suim aige i dtéamaí na féiniúlachta, na sláinte meabhrach agus mothúchánach, an fhéinchochall agus aistear. Is as an Uaimh ó dhúchas é, agus tá cónaí ar Shane anois i gcathair na Gaillimhe.
Ealaíontóirí | Artists
Shane O’Malley
Áit | Location
Lána an Teampaill, Gaillimh
Dáta | Date
23.1.20 – 31.12.20
Do chách | for all
Saor in aisce | free
Arna choimeádú ag | Curated by
Ríonach Ní Néill
Buíochas le | Thanks to
Flanagans Totalcare Pharmacy